1524041023
Nuall na nÓg

Advertise on podcast: Nuall na nÓg

Rating
★★★★★
5
from
1 reviews
Categories
Country
Ireland
This podcast has
39 episodes
Language
English
Publisher
Nuall na nÓg
Explicit
Yes
Date created
2020/07/17
Latest episode
2025/10/23
Average duration
47 min.
Release period
66 days

Description

Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓg Tabharfaidh an gang aghaidh ar mhórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla a bhaineann go mór leis an aos óg in Éirinn agus ar fud fad na cruinne. Beidh spraoi againn fosta ag plé an tsó agus an anró, uilig faoi anáil na heite clé agus na Gaeilge. Bígí linn ⭕️🎉

Unlock Nuall na nÓg podcast Email contact info,
Listeners & Audience details

Email contact information

Direct podcast contact details

Listeners

Audience numbers & engagement insights

Audience details

Podcast Insights

Podcast episodes

Check latest episodes from Nuall na nÓg podcast


Fuaim an Fhómhair: Agóid, Amhráin, & Athrú
2025/10/23
Sa chlár seo, labhraímid faoi na scéalta móra atá i mbéal an phobail; rás don uachtaránacht, an agóid náisiúnta ar son na Gaeilge, (easpa) nasc idir uathachas agus Tylenol, agus (easpa) sos cogaidh i nGaza.  Ar an taobh níos éadroime, tá muid ag súil le Cork Jazz Festival agus Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste! I saol na healaíne, roinnimid ár gcuid moltaí le déanaí: Staidéar ar an gCailleach le Doireann Ní Ghlacáin Traic úr ó Huartan (agus albam nua ar na bacáin) Daughters of Jerusalem Choir ag teacht go hÉirinn gan mhoill
Baois na hóige: Polaitíocht, Brídeoga Róbatacha agus Droch-Fhuáil
2025/08/25
An tseachtain seo, déanann Anna cur síos ar a ról úr mar bhanríon FOMO i ndiaidh chúrsaí craiceáilte an tsamhraidh. Pléimid an méadú ar ionsaithe ciníocha in Éirinn, chomh maith leis an mbaol a bhaineann leis an ngluaiseacht frithvacsaíní, atá á tiomáint ag RFK jr i Meiriceá. Chomh maith leis sin, déanaimid iniúchadh ar shaol aisteach de dhaoine atá ag pósadh róbait AI, agus ar iarracht Anna a cuid éadaí Electric Picnic féin a fhuáil i seachtain amháin (níl inneall fuála aici…).
Soiscéal na nUltach: Sinners, Spallaíocht agus Sluaite i Westminster
2025/06/13
An tseachtain seo, pléimid na heachtraí a thit amach le mí anuas  – tá Trump agus Musk ag troid lena chéile, téann Kneecap ó shluaite ag Coachella go cúirteanna i Westminster, agus an cheist mhór - an bhfuil na hUltaigh na OGs de Phrotastúnachas Soiscéalach? Tchífidh muid ag Féile na Gealaí sibh! Ceol na míosa: Phases le Beoga  Scannán na míosa: Sinners 
Breith Suas Linn: An scannal is déanaí is saol na polaitíochta & an chultúir
2025/03/06
Sa chlár seo, pléimid tionchar an chultúir nua-aimseartha ar mheon na mac léinn maidir leis an Ghaeilge, ach an bhfuil an córas oideachais fós ag teip orthu? Ansin, caithfimid trácht a dhéanamh ar pholaitíocht chonspóideach Mheiriceá agus ar phleananna Trump, atá idir aisteach agus dáinséarach. Níos cóngaraí dúinn féin, bhí athrú stairiúil ann i gcúirteanna an Tuaisceart ó aimsir na Péindlíthe, chomh maith leis an cheist mhór i dTithe an Oireachtais faoi easpa Gaeilge an Cheann Comhairle. Bígí linn!
Pod Chinn Bhliana 2024 - Ar Bealach na Réabhlóide
2025/02/08
Sa chlár seo dár bpodchraoladh, caithimid súil siar ar na scéalta móra ó 2024. Ón bhfuacht go dtí an teas, is cosúil go bhfuil an domhan faoi uisce agus trí thine ag aon am amháin. Éist linn agus muid ag déanamh athbhreithniú ar an bhliain seo caite, ag déanamh anailíse ar chúrsaí reatha, ar ealaín, scannáin agus go leor eile. Ach agus muid ag smaoineamh ar fhéidearthachtaí fiáine 2025, is í an cheist ná:Cad atá romhainn? An mbeidh sé ina réabhlóid, nó an tríú Cogadh Domhanda? Tá rud amháin cinnte— caithfidh sé a bheith ar cheann amháin nó an ceann eile.
Bród: Stair agus Todhcaí an Gníomhaíochais
2024/07/01
Toisc gur deireadh seachtaine ceiliúrtha bród a bhí ann, chaith Anna & Kathleen súil siar ar bhunús Pride, ó círéibeacha Stonewall go dtí an lá inniu. Le cloisteáil anois ar Spotify, Apple Podcasts srl.
Oidhreacht Chultúrtha a Chaomhnú Trí Cheol: Comhrá le Catríona Ní Ghribín
2024/04/09
Sa phodchraoladh seo, labhair Anna le Catríona Ní Ghribín fána obair a rinne sí don mháistreacht ag caomhnú amhráin a bhí i mbaol caillte in iarthuaisceart Tír Chonaill, agus an tábhacht idir an béaloideas agus an ceol. Fosta, insíonn sí dúinn faoina bhanna úr Huartán, agus an dóigh a meascann siad gnéithe nua-aimseartha leis an cheol traidisiúnta. Is féidir éisteacht leis an eagrán seo ar spotify nó cibé áit a héisteann sibh le bhur bpodchraoltaí. Chomh maith le sin, déanaigí cinnte éisteacht le Huartán ar Spotify, agus le halbam Catríona leis na hamhráin a bhailigh sí i rith na máistreachta air darb ainm 's’iomaí coiscéim fada'.  
Comhghuaillíocht leis an Phalaistín
2024/02/12
Sa phodchraoladh seo, pléimid stair bhréige de bhunú an Iosrael, chomh maith leis an easpa tacaíochta a léirigh rialtas na hÉireann don chás sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus tíortha ag baint a gcuid maoiniú ón UNWRA. Ar a bharr sin, bíonn muid ag caint ar cinneadh Sinn Féin chun taisteal go Meiriceá agus buaileadh le Genocide Joe, ról an Éimin ag saoradh na Palaistíne agus níos mó…  Ná déanaigí dearmad chun bhur dtacaíochta a thabhairt d’eagraíochta áitiúla ag obair ar son na Palaistíne @irelandpsc @galway_ispc @cairdepalestinebf @cairdepalestinequb @irish.artists.for.palestine
An Ghaeilge agus an Eite Chlé | Scoil Chois Claí 2023
2024/01/12
Phléigh an painéal seo go leor gnéithe den Ghaeilge agus a nasc leis an eite chlé, ó obair óige agus tumoideachas go díchoilíniú agus meabhairshláinte. Tá Orla Nig Oirc, Ben Ó Ceallaigh, Andrias Ó Cathasaigh agus Kerron Ó Luain le cloisteáil ann. Bígí cinnte éisteacht leis an eipeasóid seo, tá sé suimiúil ar fad!
Dúshlán Uí Chonghaile le hAndrias Ó Cathasaigh | Scoil Chois Claí 2023
2023/12/24
Is staraí, scríbhneoir agus gníomhaí as Baile Átha Cliath é Andrias a bhfuil roinnt leabhair scríofa aige ar Karl Marx, Séamus Ó Conghaile, réabhlóid na Rúise, agus scríbhneoirí radacacha Gaeilge cosúil le Pádraic Ó Conaire. Labhair sé ag Scoil Chois Claí faoina chuid oibre ar Uí Chonghaile agus an dúshlán a thugann smaointe agus obair Uí Chonghaile don éite chlé inniu.
Comhráite Oileánacha: le Fionnan Ó Conaola
2023/09/30
An tseachtain seo, téann muid go hInis Oírr, áit ar bhuail Anna le Fionnan tráthnóna breá grianmhar. Labhraíonn Fionann fán tsaol san oileán, veigeánachas & biafhlaitheas, agus an tábhacht a bhaineann le caomhnú shaibhreas na teanga san oileán, agus a gcuid iarrachtaí sin a dhéanamh. Labhraíonn siad ar na dúshláin atá ag teacht le géarchéim na haeráide, agus cuireann siad béim ar na buntáistí a bhaineann le stíl mhaireachtála phlanda-bhunaithe in oileán beag cosúil le hInis Oírr. Déanaigí cinnte éisteacht leis an phlé spreagúil seo a thaispeánann an saibhreas cultúrtha, an inbhuanaitheacht agus an oidhreacht teanga; rudaí atá fíorspeisialta fá Inis Oírr.
Athbheochan na scannánaíochta, an Ghaeilge ar an scáileán, agus stailceanna stairiúla in Hollywood.
2023/08/24
Bígí le hAnna agus le Kathleen agus iad ag déanamh anailíse ar saol aoibhinn na pictiúrlainne le déanaí. An ceacht é Barbie ar smaointe Feimineacha? An ndéanann Oppenheimer tionscadal Manhattan a ghlóiriú? Nó nach bhfuil iontu ach scannáin iontacha? Pléann siad an tallann atá ag teacht chun cinn in Éirinn agus aon díol bíse atá fós le teacht. Ar ndóigh, cloisimid roinnt anailísí láidre ó Andrew fosta. Beir leat do ghrán rósta!
Breith Suas Linn! Mí an Mheithimh
2023/07/14
Thugamar féin an samhradh linn leis an phod seo a chomrádaícunts. Ar ndóigh bhí an submarine (fomhuireán) sin ina cheap magaidh againn; ní éistfear le haon duine eile a deir go ndáiltear saibhreas an domhain ar mhaithe leis an tsaol fán chaipitleachas - go háirithe nuair is féidir le biliúnaithe 250k a íoc chun lámh a chur ina mbás féin... Agus muid ag trácht ar rudaí ar cheart iad a chur go bun na meara, is féidir slíomadóir an tsamhraidh a thabhairt ar Robbie Keane - atá ina bhainisteoir ar fhoireann peile san Iosrael. Masmasach!!! Into the Submarine Robbie Keane.. Bígí linn!
Breith Suas Linn! Mí Aibreáin
2023/05/17
Comhrá den scoth idir Anna agus Andrew ag amharc siar dóibh ar aistear s’aige go Hong Cong. Ba chaoin na cuimhní a bhí le cíoradh acu seal pléite na saoire. Tá rudaí maithe ar na bacáin d’Anna agus í ag pilleadh ar Éirinn go luath. Buille fá thuairim cé acu a chaill fidil sa tSín ? Tuilleadh fán chlann ríoga agus slíomadóirín eile…
I gcroílár Ghaeltacht Bhéal Feirste le Darán Ó Dochartaigh
2023/04/18
Is beag rud níos deise ná suí cois tine le pionta Guinness i gcroílár Gaeltacht Bhéal Feirste, is cinnte é sin! Bhuail Anna isteach go Cumann Chluain Ard cúpla mhí ó shin chun caint le Darán ó Dochartaigh - aistritheoir agus gníomhaí teanga, fá stair agus todhchaí cumann cluain ard, láidreacht an teanga i mBF agus a aistear féin leis an Ghaeilge & an obair go dtí seo. Bainigí sult as!

Podcast reviews

Read Nuall na nÓg podcast reviews


5 out of 5
1 reviews

Podcast sponsorship advertising

Start advertising on Nuall na nÓg relevant audience podcasts


What do you want to promote?