Advertise on podcast: What the Focal!?
Rating
5from
This podcast has
20 episodes
Explicit
No
Date created
2022/11/16
Latest episode
2025/12/15
Average duration
70 min.
Release period
78 days
Description
Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? – podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann! Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn! Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo.
Podcast episodes
Check latest episodes from What the Focal!? podcast
What the Focal!? - S2 - Eoin Mc Evoy
2025/12/15
Eoin Mc Evoy
Cad é 'treallús' agus an bhfuil sé ionat?
An bhfuil an 'f déliopach' cloiste agat?
'Cuir' nó 'cur', is cén uair?
Is file, drámadóir, aistritheoir agus gníomhaí pobail é Eoin Mc Evoy. Oibríonn sé le UCD agus is é stiúrthóir Aerach Aiteach Gaelach, grúpa LADTA ealaíon. Eoin a d'aistrigh Heartstopper 1 agus 2 go Gaeilge agus tá an tríú ceann idir lámha aige faoi láthair.
What the Focal!? - S2 - Séaghan Ó Súilleabháin
2025/12/08
Séaghan Ó Súilleabháin
Cad is brí le "an duine amach"?
Cá bhfuil colbha an domhain?
An duine 'scodalach' tú?
Tháinig Séaghan Ó Súilleabháin, nó The Kerry Cowboy mar a bheadh aithne ag cuid againn air, ó fheirm i gcroílár na Ríochta. Ceapadh i 2020 é mar Oifigeach Pleanála Teanga do Chathair Saidhbhín, agus láithreoir teilifíse agus cruthaitheoir ábhair é freisin. Bhain sé amach céim sa Ghaelainn ó Choláiste Mhuire Gan Smál.
What the Focal!? - S2 - Dr. Alan Titley
2025/12/01
Dr. Alan Titley
Cad is brí le "an duine amach"?
Cá bhfuil colbha an domhain?
An duine 'scodalach' tú?
Corcaíoch fir gradamúil é Alan Titley mar aon le scoláire, colúnaí, úrscéalaí, gearrscéalaí, fabhalscéalaí, file, staraí liteartha, craoltóir, aistritheoir agus drámadóir.
What the Focal!? - S2 - Máirín Nic Con Iomaire
2025/11/24
Máirín Nic Con Iomaire
Cad is brí le 'aiteall'?
'Chun an fhírinne a rá' nó 'chun na fírinne a rá'?
Cad atá fireann faoi bhord!?
Is aistritheoir, teagascóir, iriseoir, craoltóir agus aisteoir í Máirín. Tá sí ag obair mar Stiúrthóir na gClár Aistriúcháin le Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad agus bíonn sí ag teagasc ar an MA/Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht. Tá dhá úrscéal Fraincise aistrithe go Gaeilge aici i gcomhar le BARZAZ is leabhair do dhaoine óga aistrithe aici freisin.
What the Focal!? - S2 - Dr. Gearóidín Uí Laighléis
2025/11/17
Dr. Caitlín Nic Íomhair
An bhfuil tusa siosmaideach?
Conas is fearr 'approachable' a aistriú?
Ar chóir duitse 'Lorg an Bhéarla' a léamh?
Is Ceann Scoile & Ollamh Comhlach le Gaeilge í i bhFiontar agus Scoil na Gaeilge í Dr. Gearóidín Uí Laighléis. Bhain sí PhD amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus MA i Léann na Gaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Bronnadh uirthi Gradam an Uachtaráin um Fheabhas sa Mhúinteoireacht DCU.
What the Focal!? - S2 - Dr. Caitlín Nic Íomhair
2025/11/10
Dr. Caitlín Nic Íomhair
Cad é 'an t-alt' dúbailte agus conas is féidir linn é a sheachaint?!
An bhféadfaí 'chac tú ar na huibheacha' a aistriú go lom?
An bhfuil sé níos deacra a bheith greannmhar i nGaeilge?
Is file agus léachtóir le nualitríocht na Gaeilge í Caitlín Nic Íomhair, ar as Co. an Dúin ó dhúchas di. Tá suim aici i gcothú na litearthachta ag an tríú leibhéal agus i gcur chun cinn iontaisí na litríochta Gaeilge. D'fhoghlaim sí an Ghaeilge mar dhuine fásta.
What the Focal!? - S2 - Dr. Fionntán de Brún
2025/11/03
Dr. Fionntán de Brún
Cad as a dtáinig 'giob geab'?
Cén fáth a mbíonn muintir Bhéal Feirste ag béicíl ar a chéile?
Cathain a labhraíodh Gaeilge ar eitleán den chéad uair?
An tOllamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad is ea Fionntán de Brún - scoláire litríochta agus scríbhneoir cruthaitheach gradamúil, ar rugadh agus tógadh i mBéal Feirste é. Bhain sé céim amach sa Léann Ceilteach agus sa Fhraincis in Ollscoil na Banríona agus bhronn an ollscoil chéanna PhD air. Scrígh sé tráchtas dochtúireachta dár teideal Seosamh Mac Grianna - an Mhéin Rúin.
What the Focal!? - S2 - Tadhg Mac Dhonnagáin
2025/10/27
Tadhg Mac Dhonnagáin
Cén gléas cistine a ainmníodh i ndiaidh ceo?
An fearr 'randamach' nó 'fánach'?
An cóir dúinn an ruaig a chur ar an bhfocal 'dia'?
Is scríbhneoir do dhaoine óga, scríbhneoir scripte, cumadóir amhrán agus beathaisnéisí é Tadhg Mac Dhonnagáin a bhfuil go leor duaiseanna is gradam buaite aige. Is as Achadh Mór i gContae Mhaigh Eo é ó dhúchas is tá cónaí air i gConamara. Is é a bhí mar chomhchruthaitheoir agus príomhscríbhneoir ar an tsraith drámaíochta teilifíse don óige, Aifric.
What the Focal!? - S2 - Dr. Deirdre Nic Chárthaigh
2025/10/20
Dr. Deirdre Nic Chárthaigh
An bhfuil ár n-ainmneacha á rá i gceart againn?
Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach botúin a dhéanamh?
An bhfuil aon mhaitheas le córas na ndíochlaontaí?
Ollamh cúnta i gColáiste na Tríonóide í Deirdre Nic Chártaigh. Tá BA sa Nua-Ghaeilge agus sa Stair agus PhD aici ón ollscoil chéanna. Ba thaighdeoir iar-dhochtúireachta í in Ollscoil Mhá Nuad. Tá spéis aici i bprós agus i bhfilíocht na Nua-Ghaeilge Moiche agus i dtraidisiún na lámhscríbhinní sa tréimhse iarchlasaiceach.
What the Focal!? - S2 - Dr. Eoin Mac Cárthaigh
2025/10/13
Dr. Eoin Mac Cárthaigh
Cén gaol atá idir an Ghaeilge agus an Ghearmáinis?
Cad atá i ndán dár gcanúintí?
An féidir rud a thabhairt 'faoi dheara'?
Léachtóir le Nua-Ghaeilge agus ceann na roinne is ea Eoin Mac Cárthaigh, Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide. Múineann sé cúrsaí éagsúla i dteanga agus i litríocht Ghaeilge na hÉireann is na hAlban. I gColáiste na Tríonóide a rinne sé féin a bhunchéim is a iarchéim. An dán díreach a phríomhghort taighde.
What the Focal!? - Diarmuid Ó Sé
2023/01/25
San eagrán seo labhraíonn Ciara le Diarmuid Ó Sé, léachtóir le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. 'Fíon na Spáinne' nó 'Fíon Spáinneach'? Cén difear atá idir 'méid na ndaoine' agus 'an méid daoine'? Na comharthaí bóthair 'maraíonn tuirse' - an bhfuil ciall leo? Céimí de chuid UCD agus UCC is ea Diarmuid Ó Sé. Tá sealanna caite aige mar léachtóir le teangeolaíocht agus leis an Nua-Ghaeilge. Ó Chiarraí Thiar ó dhúchas é. Eisean a scríobh an leabhar téagartha Gaeilge Chorca Dhuibhne, ina bhfuil cur síos cuimsitheach ar Ghaeilge Chorca Dhuibhne. Beidh leagan Béarla de ar fáil go luath. Leis an eagrán seo cuirtear clabhsúr le sraith 1 den phodchraoladh What the Focal!? Ach níl deireadh leis an togra What the Focal!? ná baol air! Coinnígí súil ar chuntais @miseciara don nuacht is déanaí. Míle buíochas libh as éisteacht.
What the Focal!? - Áine Ní Ghlinn
2023/01/18
Scríbhneoir do dhaoine óga agus file í Áine Ní Ghlinn, agus Laureate na nÓg 2020 – 2023. Tá 36 leabhar foilsithe aici, idir fhilíocht, dhrámaí, úrscéalta agus scéalta do dhaoine óga. Cad is brí le 'ceo inchinne'? Ar chuala tú 'Gaelachas' riamh cheana? Cad is brí le 'can I biscuit'? I measc na nduaiseanna atá buaite aici, tá Gradam Reics Carló Leabhar na Bliana buaite aici faoi thrí; Gradam Ficsin, Leabhair Pháistí Éireann & Gradam Leabhar na Bliana, Cumann Litearthachta na hÉireann. Bronnadh Comhaltacht Patrick Kavanagh uirthi i 2019 agus tá go leor duaiseanna filíochta buaite aici ag Seachtain na Scríbhneoirí Lios Tuathail, Féile Filíochta Bhéal na mBuillí agus Oireachtas na Gaeilge.
What the Focal!? - Meidhbhín Ní Úrdail
2023/01/04
San eagrán seo labhraíonn Ciara le Meidhbhín Ní Úrdail, léachtóir le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath mar a bhfuil sí ina hOllamh agus ina Ceann Ábhair. Cad is brí le 'taoscadh'? An raibh an Tuiseal Gairmeach ag Shakespeare? Cad is 'guta glan' ann, agus an bhfuil siad agat? Ó Ghleann Maghair, Co. Chorcaí, ó dhúchas í Meidhbhín agus tá dlúthcheangal gaoil aici le leithinis Bhéarra. Toghadh í ina ball d'Acadamh Ríoga na hÉireann i Márta na bliana 2021, an gradam acadúil is airde sa tír seo, as an sárobair scolártha atá curtha i gcrích aici ar son na nDaonnachtaí.
What the Focal!? - Máirín Nic Eoin
2022/12/28
San eagrán seo labhraíonn Ciara le Máirín Nic Eoin, scoláire litríochta a chaith na blianta fada ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Cad é an Ghaeilge ar 'wow!'? Cad is brí le deoch a ól 'as a neart'? An féidir leis an gcainteoir dúchais a bheith mícheart? Is mó leabhar atá scríofa ag Máirín Nic Eoin agus bhí sí ina heagarthóir nó ina comheagarthóir ar neart foilseachán, idir cnuasaigh aistí agus eile. Tá sí ina hOllamh Emerita le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ina ball d'Acadamh Ríoga na hÉireann.
What the Focal!? - Seosamh Ó Murchú
2022/12/21
Cad is brí le 'thug mo chosa uathu'? An bhfuil an ginideach ag dul i léig? An mbíonn 'ainm' baininscneach ar uairibh? San eagrán seo labhraíonn Ciara le Seosamh Ó Murchú - file gradamúil, duine de bhunaitheoirí Raidió na Life, agus fear a chaith blianta fada ar an bhfoireann eagarthóireachta sa Ghúm, áit a raibh sé mar Eagarthóir Sinsearach. Bhí sé ar fhoireann eagarthóireachta an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge leis agus tá sé páirteach sa tionscadal nua foclóireachta ag Foras na Gaeilge faoi stiúir Phádraig Uí Mhianáin.