
Advertise on podcast: Seachtain
Rating
5from
This podcast has
189 episodes
Language
EnglishPublisher
Irish IndependentExplicit
No
Date created
2024/02/23
Latest episode
2026/10/07
Average duration
24 min.
Release period
7 days
Description
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.
Unlock Seachtain podcast Email contact info,
Listeners & Audience details
Email contact information
Direct podcast contact details

Listeners
Audience numbers & engagement insights

Audience details
Podcast Insights

Podcast episodes
Check latest episodes from Seachtain podcast
Droim Crí agus Garbhachadh: Cén fáth an tsáinn?
2026/10/07
Tá seachtain chorrach, ghnóthach eile i ndiaidh a bheith ann ó thuaidh. Ar Bhóthar Gharbhachaidh, ceantar náisiúnach i bPort an Dúnáin, tá slua mór léirsitheoirí ag iarraidh stop a chur le mórshiúl de chuid an Oird Oráistigh, dul tríd a gceantar. Leis an aighneas seo ag leanúint ar aghaidh le breis is seachtain anois, tá an t-iriseoir Ciarán Dunbar liom le tumadh isteach sa scéal agus sa stair. Mórshiúil: Parade Aighneas: Discord Fir bhuí: Orange men Srianta: Restrictions Iarratas: Application Cinneadh: Decision Gheall sé: He promised Cónaitheoirí: Residents Mí-ord: Disorder Círéibí: Riots Lámh in uachtar: The upper hand Cuir faoi chois: To oppress Foréigean: Violence Achrann: Acrimony Neamhaird: To pay no attention to Scoilte: Divided See omnystudio.com/listener for privacy information.
An Clár: An contae a chaill a chuid Gaeilge ach a choinnigh an ceol
2026/10/01
Tá clú agus cáil ar Chontae an Chláir sa lá atá inniu ann mar gheall ar an gceol, ach ní i bhfad ó shin a bhí Gaeltacht fhairsing láidir sa chontae. Mar a bheadh foláireamh soiléir ann ó aimsir a chuaigh thart, chaill an Clár a cainteoirí dúchais lenár linn féin. Agus ansin, rinneadh dearmad gur ann di riamh. Ach tá daoine ag obair chun stair na Gaeltachta sin a chur in iúl do mhuintir an chontae agus fiú chun Coláiste Gaeilge Charraig a’ Chabhaltaigh a oscailt in athuair. Duine acu sin ná an Dr Síle Níc Ní Choincheannain. Is léachtóir san oideachas le saineolas sa Ghaeilge í i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Labhair sí le Ciarán Dunbar faoi Ghaeilge agus faoi Ghaeltacht an Chláir, agus faoi na hiarrachtaí chun Coláiste Eoghan Uí Chomhraidhe a oscailt arís. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Rebuilding Oileán Ghabhla: Daoine ag filleadh tar éis 50 bliain
2026/09/24
Tréigeadh go leor oileán Éireannach thar na blianta. Oileán Ghabhla mar shampla, áit a bhfuil cáil air mar gheall ar an amhrán Báidín Fheilimí. Tá sé suite tuairim is míle amach ó chósta Dhún na nGall. Agus tráth dá raibh, bhí na scórtha teaghlach ina gcónaí ann. D'fhág siad an t-oileán sna 1960í áfach. D'fhág na pobail a bhí ag saothrú a slí beatha ón talamh agus ón fharraige agus bhog siad anonn go dtí an mhórthír. Anois, leathchéad bliain ina dhiaidh sin, tá beatha ag teacht ar ais chuig an oileán de réir mar atá daoine ag filleadh ar a chladach arís. Ar Seachtain, labhair an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoin bheocht agus faoin bhfuinneamh nua atá á chur ar ais i nGabhla. Foclóir: Bád farantóireachta: Ferry Go buan: Permanently Earraí: Goods Ag dul i léig: Declining Banaíodh an t-oileán: The island was deserted Ar leac an dorais: On the doorstep Deontas: Grant Gineadóirí: Generators Athchóirigh: Renovate Bonneagar: Infrastructure Leathanbhanda: Broadband Ag obair go cianda: Working remotely Uathúil: Unique Sainiúil: Distinctive Teas: Heat Ar cíos: Rent Iargúltacht: Remoteness See omnystudio.com/listener for privacy information.
Why I moved to a remote island – and loved it
2026/09/17
Is brionglóid í atá ag cuid mhaith againn, éalú ó ghnóthacht agus ó ghleo shaol na cathrach, ar thóir saol níos simplí san iargúltacht. Ach, an é nóisean rómánsúil seafóideach é sin atá againn? Nó an é an bliss atá muid ag brionglóidí faoi le fada? Cúig bliana ó shin, bhog Aedín Ní Thiarnaigh, a bhí cúig bliana is fiche d’aois ag an am, óna baile dúchais i gContae Loch Garman go hInis Meáin amuigh ar chósta thiar na hÉireann, áit a bhfuil sí ina cónaí ó shin i leith. Cad é a mheall bean óg chuig oileán Gaeltachta iargúlta i lár na farraige? Agus cad é mar atá an saol laethúil di agus í scartha ón mhórthír. Ar Seachtain, labhraíonn Aedín faoi bhuaicphointí agus faoi íslephointí shaol an saol oileánach, agus í ag ceiliúradh a clochmhíle pearsanta. Foclóir: Taighde: Research Ina cíor thuathail: In chaos or turned upside down Tiarna Talún: Landlord Crosbhealach: Crossroad An mhórthír: The mainland Ligthe i ndearmad: Forgotten An t-éileamh: The demand Spleách: Dependent on Scaití: Occasionally Réiteach: Solution An córas lastais: The cargo system Bád farantóireachta: The ferry Na duganna: The docks Aistriúcháin: Translations Turais teoraithe: Guided tours Amhrasach: Suspicious Iargúlta: Remote Oidhreacht: Heritage Cneasaigh: Heal Tuar: Foresee or forecast See omnystudio.com/listener for privacy information.
‘Bhí na fóin phóca ag bualadh sa rubble thíos fúm’: Cuimhní ó 9/11
2026/09/10
Ba é an t-ionsaí ba mharfaí i stair Mheiriceá. Ar an 11ú lá de mhí Mheán Fómhair 2001, bhuail dá eitleán isteach sna Twin Towers in Manhattan, Nua Eabharc. Bhí na mílte duine ag obair iontu ag an am. Tharla na hionsaithe i gcroílár na cathrach a ba ghnóthaí sa tír, ar ghnáthlá oibre, gan aon rabhadh. Maraíodh beagnach trí mhíle duine sa tubaiste a thit amach. Chonaic milliúin de dhaoine an t-uafás seo ag titim amach beo ar an teilifís. Spreag na hionsaithe cogaí san Afganastáin agus in Iaráic. Chuaigh SAM sa tóir ar cheannaire Al-Qaeda Osama bin Laden go láithreach agus mhair an toraíocht i bhfad. D’athraigh imeachtaí 9/11 slándáil an aerthaistil ar fud an domhain go deo. Anois, 25 bliana ar aghaidh ó ionsaíodh an tIonad Trádála Domhanda, cad é an lorg a d'fhág 9/11 orainn? Ar Seachtain tugann Pearse O’Reilly a chuntas pearsanta féin den lá tragóideach sin agus faoin tionchar a bhí a bhí ag 9/11 ar Nua Eabhrac ina dhiaidh sin. Foclóir: Greanta: Engraved Eispéireas: Experience Mí-ádh: Misfortune Dúshlán: Challenge Sa deireadh thiar thall: Eventually Greamaithe: Stuck Ionsaí sceimhlitheoireachta: Terror attack Faitíos: Fear Smionagar: Rubble Tubaiste: Carnage Deatach: Smoke Ganntanas: A lack of Misneach: Courage Gaolta: Relatives Cogadh Domhanda: World War Uafás: Horror Sáinnithe: Stranded See omnystudio.com/listener for privacy information.
Comedy Gaeilge at Dublin Fringe: ‘Tá seónna grinn níos fearr i nGaeilge’
2026/09/03
Ní rud éasca é a bheith i do sheasamh os comhair slua agus iarracht a dhéanamh iad a chur ag gáire. Agus seans gur deacra i bhfad an dúshlán é sin a dhéanamh trí Ghaeilge. Sin é go díreach an seó a bhí i gceist ag an fuirseoir Síomha Hennessy a chruthú do Fhéile Imill Bhaile Átha Cliath áfach. Beidh Síomha ag léiriú a seó nua dátheangach, Gaelmaxxing, in Bewley’s Café Theatre ón 8 go dtí an 12 Meán Fómhair. Ar Seachtain, labhair Síomha Hennessy le Tessa Fleming faoin inspioráid dá seó nua. Foclóir: Fuirseoir: Comedian Dátheangach: Bi-lingual Ré: Era Searbh: Bitter Eisceachtúil: Exceptional Cúng: Narrow Greann: Humour Gaolta: Related Dún Éideann: Edinburgh Ag spocadh as: Making fun of Faraor: Alas Buan: Permanent Tacú: Supporting Díomá: Disappointment Uaillmhianach: Ambitious Impigh ar: To beg See omnystudio.com/listener for privacy information.
A tale of revival and controversy: Tús na gcoláistí samhraidh
2026/08/27
Tá deireadh ag teacht leis an samhradh agus tá daltaí fud fad na tíre ag filleadh ar an scoil. Chaith thart ar tríocha míle acu seal sa Ghaeltacht ag na coláistí samhraidh le seachtainí beaga anuas, ag cur feabhais ar a gcuid Gaeilge. Is nós bliantiúil é do go leor daoine óga, agus b’fhéidir nach smaoiníonn siad mórán faoi. Ach cé chomh fada is a dtéann traidisiún na gcoláistí samhraidh siar? Cén fáth ar cuireadh tús leo sa chéad dul síos? Agus cén fáth gur tharraing siad an oiread sin trioblóide orthu féin le linn bhlianta órga athbheochan na Gaeilge? Ar Seachtain labhraíonn an Dr Máire McCafferty faoi tús na gcoláistí samhraidh. Foclóir: Ceardchumann: Trade Union Oilte: Skilled Daideo: Grandfather Tóir: Demand Ballraíocht: Membership Uirbeach: Urban Laidin: Latin Athbheochan:Revival Uasaicme, íosaicme: Upper class, lower class Siamsa: Entertainment Tréimhse an-chorrach: Turbulent time Ag tabhairt fogha faoi: To attack I gCeann Chlochair: In Clogherhead Ag déanamh athris ar: Imitating Éigeantach: Mandatory Laochra: Heroes Dódh Coláiste Uladh: Coláiste Uladh was burnt Go sonrach: Particularly Críochdheighilt: Partition Maoiniú: Funding Dlús a chur faoi: To accelerate or speed up See omnystudio.com/listener for privacy information.
Stair Bhéal Feirste: ‘Stair a mhúnlaigh mo mhuintir’ - Séamus Ó Tuama
2026/08/19
Tar éis bás a athar, gheall Séamus Ó Tuama go gcríochnódh sé féin an leabhar a bhí tosaithe ag a dhaid, Diarmuid. Leabhar ar stair Bhéal Feirste atá ann ó pheirspictíocht phoblachtánach, le scéal muintir Uí Thuama féin agus an t-eispéireas a bhí acu féin fite fuaite le stair chorraitheach na cathrach féin. Leanann an leabhar turas na clainne, ó fhear óg Corcaíoch a bhog ó thuaidh i ndiaidh an Ghorta Mhóir, tríd na pogroms le linn na 1920ídí, agus na Trioblóidí a lean, go dtí Séamus agus a hathair Diarmuid agus an ról a bhí acu i réabhlóid na Gaeilge sa chathair. Bhí an-aithne ag Gaeil Bhéal Feirste ar mhuintir Uí Thuama, go háirithe mar gheall ar obair Dhiarmuid mar phríomhoide Bhunscoil Phobal Feirste, an chéad scoil lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Ar Seachtain, labhraíonn Séamus Ó Tuama faoina leabhar úr ‘Béal Feirste: Belfast’ agus faoin saol sa chathair a mhúnlaigh a mhuintir. Cé gur scéal é atá lán de choimhlint agus de thráma thar na glúnta, feiceann Séamus toradh dearfach sa lá atá inniu ann i bhfoirm na hathbheochana cultúrtha agus teanga atá ag bláthú i mBéal Feirste. Foclóir: Dornán de pháistí: A handful of children Obair dheonach: Voluntary work Tiomsú airgid: Fundraising Cinnteacht: Certainty D’fhág sé a lorg: He left his mark Leac uaighe: Gravestone Borb: Abrupt Fréamhaithe: Rooted Do shinsir: Your ancestors Cartlann mhíleata: Military archives Críochdheighilt: Partition A shin-seanathair: His great-grandfather Ceannaire: Leader Dearfach: Positive Saorstát: Free state Scoilt: Divide Creatlach: Framework Bearna: A gap *Suirbhé le haghaidh deis dearbhán 500 euro One4All a bhuachaint: Téigh chuig mypodcastfeedback.com agus cur an cód ‘POD’ isteach.* See omnystudio.com/listener for privacy information.
Live at the Fleadh: The Conamara duo i gcroílar na reabhlóide trad
2026/08/13
Tá Seachtain ag teacht beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026! Ar feadh seachtaine tháinig na sluaite go Béal Feirste chun sult a bhaint as an cheol, na comórtais agus as an chathair féin. Den chéad uair riamh, bhí Fleadh Cheoil na hÉireann á reáchtáil i bpríomhchathair an Tuaiscirt agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag céiliúradh 75 bliain ar an fhód. Chuir Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta as an Aird Mhóir i nGaeltacht Chonamara gach duine faoi gheasa lena gcuid ceoil thraidisiúnta le linn na Fleidhe. Bhí siad báite sa cheol ó bhí siad sa chliabhán agus anois tá siad ag tabhairt an cheoil sin ar fud an domhain. Bhí Séamus agus Caoimhe i gcuideachta Áine Ní Bhreisleáin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Live at the Fleadh: The ancient art of lilting
2026/08/05
Tá Seachtain beo ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2026!
Is é seo an chéad uair don Fleadh teacht go Béal Feirste, áit ina mbeidh breis agus 800,000 cuairteoir ag freastal ar an bhféile!
Le linn na seachtaine seo, tiocfaidh anam isteach sa chathair le taibhithe sráide, seisiúin ceoil, seónna stáitse, céilithe, agus comórtais.
Ach le 75 bliain á chéiliúradh ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann, amharcann muid siar ar an meath a bhí tagtha ar an gceol traidisiúnta sular bunaíodh an eagraíocht.
Agus fiosraíonn muid cad chuige a bhfuil daoine ar fud fad na cruinne chomh tógtha le ceol traidisiúnta na hÉireann?
Beirt cheoltóir atá fite fuaite go dlúth le ceiliúradh na seachtaine seo ná an fidléir iomráiteach Dónal O’Connor agus an t-amhránaí agus portaire béil cumasach Róise Ní Mhurchú.
Bhí an beirt i gcomhluadar Áine Ní Bhreisleáin ag an bhFleadh.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
The ‘rite of passage’ for beagnach 30 míle déagóirí
2026/07/30
Ag an am seo bliana, téann na sluaite déagóirí ar a n-oilithreacht teanga bhliantúil chun na Gaeltachta.
Ó Thír Chonaill go Gaillimh, ó Mhaigh Eo go Ciarraí, bíonn na coláistí samhraidh i gceantair Ghaeltachta éagsúla, ag mealladh daoine óga ó gach cearn d'Éirinn.
Sa bhliain seo chuaigh thart, d'fhreastail beagnach 30 míle dálta ar na cúrsaí seo, ach níor éirigh leis na mílte áit a fháil faraor.
Do chuid mhór déagóirí, is í seo an chéad uair dóibh tréimhse a chaitheamh as baile agus a bheith tumtha go hiomlán i saol agus i gcultúr na Gaeilge.
Agus taobh thiar den éispéiris Ghaeltachta, tá an bhean tí, na mná atá ina gcroílár d'eispéireas na gcoláistí samhraidh.
Ach an bhféadfá féin seisear scoláire déag a thabhairt isteach i do theach féin, faoi do chúram féin ar feadh coicíse nó níos mó?
Ar Seachtain labhraíonn an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoi na coláistí samhraidh agus faoi na mná tí atá ina gcnámh droma acu.
Maoinithe ag an Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil.
Foclóir:
Éispéireas: Experience
Tóir: Demand
Liostaí feithimh: Waiting lists
Corruair: sometimes
Clár siamsaíochta: Entertainment programme
Ildánach: Versatile
Cláraithe: Registered
An t-uasmhéid: The maximum
Bhí an t-eallach le blí agat: You had to milk the cattle
Riachtanais bia: Dietary requirements
Slabhra: Chain
Nasc: Link
Cuimhní: Memories
Cloch mhíle: Milestone
Ag freastal: Attending
Srianta: Constrained
Ó ghlúin go glúin: From generation to generation
Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Beirt ‘Ghaeilgeoirí' cúisithe i leith buama a iompar trasna na teorann
2026/07/27
Tá bean agus fear cúisithe as pléascáin a bheith ina seilbh acu go mídhleathach.
An tseachtain seo caite, stop Gardaí carr ar an N2 i gContae Mhuineacháin agus iad ag fiosrú gníomhaíochtaí easaontóirí poblachtánacha.
Fuarthas an buama, a bhí réidh le húsáid, agus a bhí á iompar trasna na teorann, ar shuíochán cúil an chairr.
Dúnadh an bóthar ar feadh tamaill agus bhain foireann diúscartha buamaí an dochar as an ngléas.
Cúisíodh bean sna fichidí as Cill Dara, a bhí ag tiomáint an chairr, agus cúisíodh fear eile sna daichidí i ndáil leis an eachtra.
Ar Seachtain, insíonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar faoin méid atá ar eolas againn faoin scéal seo.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
‘Ghabh arm Iosrael é’: The Gaelgeoir detained in an Israeli cell
2026/07/23
Níos luaithe i mbliana, bhí súile an domhain ar an Global Sumud Flotilla agus iad ag iarraidh an t-imshuí ar chósta Gaza a shárú.
Ach níorbh é sin an t-aon iarracht a bhí déanta thar na blianta chun nascanna a chruthú agus le cúnamh a thabhairt isteach i gcríocha na Palaistíne.
Tá Gaza agus an Bruach Thiar faoi smacht Iosrael le blianta fada anuas – agus is ábhar é a mhúsclaíonn mothúcháin láidre i measc go leor Éireannaigh.
Breis is fiche bliain ó shin, thaistil an scríbhneoir Feirsteach Seán Ó Muireagáin go dtí an Phalaistín chun nascanna a fhorbairt idir páistí scoile sa Tuaisceart agus sa Bhruach Thiar.
Ach, cosúil le muintir an Global Sumud, ghabh fórsaí Iosrael Seán agus coinníodh i gcillín é ar feadh cúig lá – cé nach raibh aon choir déanta aige.
Líomhnaítear gur ghabhadh Seán mar gheall gur bhall den IRA é agus go raibh sé i mbun Palaistínigh a threanáil conas buamaí a dheanamh - rud nach raibh fíor in aon chor.
Ar Seachtain labhair Seán Ó Muireagáin faoin eispéireas phearsanta a bhí aige féin.
Foclóir:
Imshuí: Blockade
Críocha: Territories
An Bhruach Thiar: The West Bank
Coir: Crime
Báúil: Sympathetic
Aitheanta: Recognised
Pobal sceimhlitheoireachta: Terrorist community
Céasadh: Torment
Cillín: Cell
Dallóg: Blindfold
Seafóid: Nonsense
Cacamas: B******t
Is cuma sa tsoic: Couldn’t care less
Líomhaintí: Allegations
Amhras: Doubt
Cinedhíothú: Genocide
Ag bárcadh allais: Sweating profusely
Cairdeas domhain: Deep friendship
Féidearthacht: Possibility
Mhaoinigh: Funded
Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Reviving our Gaeltacht's vacant homes: Ó Thír Chonaill go dtí An Rinn
2026/07/16
Tá a fhios ag madraí na sráide faoin bhfadhb atá sa tír seo maidir le heaspa tithíochta.
Ó Ghaoth Dobhair, go Carna, go Corca Dhuibhne, tá dúshláin mhóra roimh theaghlaigh atá ag iarraidh teach a fháil i gceantair Ghaeltachta.
Beagnach bliain ó shin, fostaíodh duine chun dul i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta sna Gaeltachtaí: Comhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht.
Agus an sprioc? Tithe folmha sna Gaeltachtaí a chur ar ais in úsáid.
Ach an bhfuil an éirigh leis an iarracht?
Agus cé chomh tábhacht is atá na deontais athchóirithe do na tithe fomha seo?
Ar Seachtain thug Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht, uasdátú ar an dul chun cinn atá déanta ó thosaigh sé sa phost.
Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism
Foclóir:
Deontas: Grant
Athchóiriú: Renovation
Tithe folmha: Vacant houses
Tréigthe: Abandoned
Díon: Roof
Bothán: An old rudimentary house
A mheas: To assess
Fostaíocht: Employment
Na scéaltaí rathúla: Success stories
Íochta amach: Paid out
Ag baint leas as: Benefitting from
Coinníoll: Condition
Daoine aonair: Individuals
Togra: Project
Dírithe: Directed at
Maoiniú: Funding
Cíos: Rent
Meascán: Mixture
Chun tosaigh: Ahead
Rannpháirtíocht: Participation
Uacht: Will
Cáin: Tax
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Gaeilge vs An Bhreatnais: Lessons from the Welsh language revival
2026/07/09
Ba scéal mór é sa Bhreatain Bheag nuair a chuir Plaid Cymru deireadh le forlámhas Páirtí an Luchta Oibre i mí na Bealtaine - páirtí a bhí i gcumhacht sa tír le breis agus 100 bliain.
Is páirtí polaitíochta é Plaid Cymru ina bhfuil dlúthcheangal aige le cur chun cinn na teanga Bhreatnaise agus tá an teanga ar a dtoil ag formhór na n-airí rialtais, ar a laghad.
Is éacht suntasach é do thír inár tháinig meath dhamnaithe ar an teanga leis na cianta.
Anois, áfach, amharctar ar an mBreatain Bheag mar eiseamláir - mar chinéal blueprint faoi conas teanga – a bhí i mbaol - a athbheochan arís.
Ba é scéal athbheochan na Breatnaise, scéal faoi feachtasaíocht, faoi toil pholaitiúil, agus faoi dúthracht na ndaoine chun todhchaí an teanga a athrú.
Ach cé chomh fíor is atá rath na hathbheochana sa Bhreatain Bheag?
An glas iad na cnoic i bhfad uainn?
Nó an bhfuil ceachtanna le foghlaim againne ón Bhreatain Bheag i leith cur chun cinn na Gaeilge?
Ar Seachtain déanann an Dr Ben Ó Ceallaigh, leachtóir in ollscoil Aberystwyth, iniúchadh ar na ceachtanna atá le foghlaim ón Bhreatain Bheag.
Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism
Foclóir:
Eiseamláir: Role model
Breatnais: Welsh
Athbheochan: Revival
Meath: Decline
Forlámhas: Supremacy
Rath: Success
Cos ar bolg: Oppress
Monarcháin: Factories
Ní sin an chloch is mó ar a phaidrín: It's not his biggest concern
Aire rialtais: Cabinet minister
Ag mianadóireacht: Mining
Nach maireann: The late or deceased
Coilíniú: Colonisation
Céatadán: Percentage
Folláin: Healthy
Ceacht: Lesson
Cíos: Rent
Bagairt: Threat
Cáin: Tax
Is fiúntaí: Most worthwhile
Uaillmhianach: Ambitious
Slat tomhais: Measuring stick
Mian: Desire
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Podcast sponsorship advertising
Start advertising on Seachtain relevant audience podcasts
You may also like to advertise on these Podcasts

4.619772871
All Ears English Podcast
Lindsay McMahon and Michelle Kaplan

4.814621637
The Big Honker Podcast
Andy Shaver & Jeff Stanfield

4.662832000
The Dr. Laura Podcast
Dr. Laura Schlessinger & SiriusXM

4.723662000
Everything Everywhere Daily
Gary Arndt

4.721651382
Motivation Daily by Motiversity
Motiversity

4.91575823
Allen Jackson Ministries
Pastor Allen Jackson of World Outreach Church

4.6619612000
The Dan Bongino Show
Cumulus Podcast Network | Dan Bongino

4.818392000
The Cabral Concept
Dr. Stephen Cabral

4.831561351
The Late-Round Fantasy Football Podcast
iHeartPodcasts

4.816571992
Juicebox Podcast: Type 1 Diabetes
Scott Benner