
Advertise on podcast: AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
This podcast has
113 episodes
Language
EnglishPublisher
TuairiscExplicit
No
Date created
2025/03/12
Latest episode
2026/10/22
Average duration
50 min.
Release period
10 days
Description
Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.
Unlock AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal podcast Email contact info,
Listeners & Audience details
Email contact information
Direct podcast contact details

Listeners
Audience numbers & engagement insights

Audience details
Podcast Insights

Podcast episodes
Check latest episodes from AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal podcast
‘Bhí Gaeilge ag achan duine, cheap mé go raibh stróc buailte orm!’ – Oireachtas na Samhna linn arís
2026/10/22
Deirtear gur thart ar 10,000 duine a fhreastalaíonn ar imeachtaí Oireachtas na Samhna i gcaitheamh na féile agus tá Cill Airne go breá in ann glacadh leis an líon sin cuairteoirí. Idir Óstán an Gleneagle agus Óstán Brehon, áit a mbíonn formhór na n-imeachtaí ar bun, tá neart le duine a choinneáil ag imeacht gan cos a leagan taobh amuigh den doras ar chor ar bith.
Ach tá neart ann freisin don té a bheadh ag iarraidh blaiseadh a fháil de shaol an bhaile nó den tírdhreach álainn sa gceantar. Tá moltaí maithe ag Dara Ó Cinnéide dúinn faoi háiteanna is fearr le greim le n-ithe a fháil (ná gabh thar an doras ag Bricín Restaurant and Boxty House!).
Tá suim mhór ag Clíona sna comórtais amhránaíochta, sna lúibíní agus sna hagallaimh bheirte agus is ar éigean a fhaigheann sí deis na hóstáin a fhágáil agus í ag dul ó chomórtas go comórtas. Beidh uirthi aire a thabhairt dá glór i mbliana mar go mbeidh sí i istigh ar Chorn Uí Riada agus í cáilithe don chomórtas mar bhuaiteoir chomórtas shean-nós na mBan anuraidh. Ní scaoilfeadh sí aon rún linn maidir leis an amhrán a bheidh á chasadh aici, beidh orainn fanacht go gcloisfidh muid í ar an ardán.
Is tá Fionntán de Brún ag súil go mór leis an bhféile arís i mbliana agus moladh mór aige do na comórtais liteartha mar spreagadh do scríbhneoirí óga. Bhain sé an-taitneamh as an bhféile i mBéal Feirste, a chathair dhúchais, anuraidh nuair a thug sé suas le 150 duine ar thuras treoraithe na Gaeilge i mBéal Feirste, agus nuair gur bheag nár thit a chara as a sheasamh le teann iontais nuair a chuala sé slua daoine ag caint Gaeilge.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orain ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
100 bliain de realpolitik na Gaeltachta – an ag dul in olcas atá cúrsaí?
2026/10/15
In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá John Walsh a bhfuil scéal na Gaeltachta mar a bhí (agus mar atá) ar fáil ina shárleabhar nua Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926
Ina leabhar nua Ar Lámh Shábhála, Coimisiún na Gaeltachta 1926 tá cuntas beoga ríshuimiúil ag John Walsh ar an gcoimisiún agus na daoine a bhunaigh an Ghaeltacht 100 bliain ó shin.
Ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Gaeilge, tá John in éineacht le Seán Tadhg Ó Gairbhí, Maitiú Ó Coimín agus Gormfhlaith Ní Thuairisg chun plé a dhéanamh ar stair na Gaeltachta, ar cad is Gaeltacht ann, ar na hathruithe ar chás na Gaeltachta le 100 bliain agus ar na ceisteanna, na claonta, na fadhbanna, na haighnis agus na polasaithe nár tháinig aon athrú orthu le 100 bliain anuas.
Roimh bhunú Choimisiún na Gaeltachta in 1926, dúirt an chéad cheannasaí ar an saorstát William T Cosgrave ‘gur buaileadh agus gur robáladh agus gur fágadh an Ghaeilge leathmharbh i leataoibh an bhóthair’.
An cheist mhór a bhí aige ná an rabhamar chun ‘í a fhágaint ina luighe ansan nó an rabhamar chun í do leigheas agus í a chur ar láimh shábhála’?
Cén rogha a deineadh 100 bliain ó shin agus cén rogha atá le déanamh inniu againn?
Chomh maith leis an bplé faoi na ceisteanna sin, tá an t-uasdátú eisiach deireanach againn faoi phósadh Mhaitiú roimh an lá mór amárach.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orain ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
‘Tá a lámh i mbéal an mhadra ag rialtas na tíre seo’...an Buiséad, an pholaitíocht idirnáisiúnta agus cuairt ó mhadra Ghormfhlatha
2026/10/08
Bhí Buiséad 2027, an pholaitíocht idirnáisiúnta, agus tionchar na meán sóisialta ar an tsochaí faoi chaibidil ag Darren agus a chuid aíonna Gormfhlaith Ní Thuairisg, Alex Hijmans agus Cormac Ó hEadhra, a bhí ina aoi den chéad uair ar An Pod Gaeilge. Agus an podchraoladh faoi lán seoil, thug aoi speisialta - madra Ghormfhlatha cuairt ar an gcriú…
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é An Pod Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
An Pod Gaeilge is an Irish language podcast from Tuairisc, the national IRish language online news service. Visit us at www.tuairisc.ie or on social media.
‘Níos mó airgid sa Bhuiséad don GPA ná mar a bhí airgead breise don Ghaeilge’
2026/10/06
San eagrán breise seo de ‘An Pod Gaeilge’ pléitear cás na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2027 a fógraíodh inniu
Méadú níos lú ná €1 milliún a fógraíodh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin i mBuiséad 2027.
Béim síos mhór do lucht na Gaeilge a bhí san fhógra maidir leis an gcaiteachas ar an teanga agus cháin an freasúra go láidir cur chuige an rialtais i leith na teanga agus na Gaeltachta.
In éineacht le Seán Tadhg agus Pádraic chun sin a phlé, tá Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, a deir gur ‘tubaiste don Ghaeilge’ a bhí ann.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
‘Hello, is this the Gaeltacht?’ – conspóidí agus cathanna cultúrtha
2026/10/01
In éineacht le Darren agus Maitiú ar an eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá na hiriseoirí Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Póilín Ní Chiaráin linn chun scéal léanmhar Bhóthar Gharbhachaidh a chíoradh. Pléitear an dochar atá déanta ag an tsáinn do Choimisiún na bParáidí agus do Stormont féin. An dtitfidh an feidhmeannas roimh an Nollaig? Pléitear ‘dreach nua ar sheanchréachta’ Dhrom Crí agus ról Jamie Bryson, gníomhaí dílseach, sa chonspóid.
Tá plé bríomhar againn freisin faoin gconspóid a lean alt le Donncha Ó hÉallaithe ar Tuairisc faoi chomharthaí Gaeltachta a cuireadh suas i gceantair oifigiúla Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe. ‘Gadaíocht chultúrtha’ a dúirt Ó Donncha Ó hÉallaithe. ‘Caint mhaslach’ a bhí ansin, dar le lucht pleanála teanga. Cuireadh leis an gconspóid nuair a dúirt Ó hÉallaithe gur gadaíocht chultúrtha a bhí i gceist chomh maith leis an ‘An Cheathrú Ghaeltachta’ i mBéal Feirste?
Ach cad is brí leis an téarma Gaeltacht sa lá atá inniu ann? Nó an ndéanann sé aon difríocht?
Ar deireadh pléitear an dara cluiche conspóideach ag Éirinn in aghaidh Iosrael, a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh.
É sin go léir agus uasdátú ar na hullmhúcháin roimh phósadh Mhaitiú…
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Doirn agus doirníní san aer don Ardrí, miotal an bháis agus Joe ar a rothar leictreach
2026/09/24
Beidh siad ag ceol agus ag bopáil i nGaoth Dobhair agus i nDún Lúiche an deireadh seachtaine seo agus an fhéile Dorn San Aer in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí á reáchtáil don tríú bhliain. Bhí duine de choiste na féile, Eoghan Mac Giolla Bhríde, in éineacht le Seán Tadhg, Bridget agus Pádraic ar an eagrán is déanaí de An Pod Gaeilge agus cur síos déanta ag Eoghan ar imeachtaí na féile, ar oidhreacht a dhlúthchara agus ar an gcúis go bhfuil ceoltóirí ó cheann ceann na tíre ag déanamh ar Thír Chonaill an deireadh seachtaine seo in ómós dó.
Pléadh chomh maith cuid de na scéalta a tháinig chugainn ó Theach Laighean an tseachtain seo. Tráth a bhfuil iar-aire stáit don Ghaeltacht ag iarraidh daoine gan Gaeilge a chur ar chomhairle lucht féachana TG4, tá iar-aire eile ag iarraidh iad a chur ar rothair leictreacha agus iad a thabhairt timpeall thuaisceart Dhún na nGall chun cúpla focal a mhúineadh dóibh.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
'Níl a fhios agam cá bhfuil muid a' gabháil’ – tá An Pod Gaeilge ar ais
2026/09/17
Tá na scoileanna fillte, tá an Dáil fillte, agus tá An Pod Gaeilge fillte. Tá Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir agus iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, in éineacht le Seán Tadhg, Pádraic agus Maitiú le tús a chur leis an gceathrú séasúr de An Pod Gaeilge.
Céard iad na rudaí a mbeidh na polaiteoirí ag tabhairt aghaidh orthu an téarma seo sa Dáil? Cé na cásanna is mó atá le troid ar son mhuintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge? An cuma ann nó as toghcháin Bhord Údarás na Gaeltachta agus céard é an cor is deireanaí i scéal an oideachais lán-Ghaeilge?
Chíor an painéal na ceisteanna seo agus tuilleadh.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…le Simon Ó Cíobháin: Ó leathadh pairifín ar urlár Hall na Muirí go faire lucht smuigleála ola ar an teorainn…
2026/07/21
Is mó cor a chuireann an duine dó agus is mó áit ar a mbíonn a thriall agus is amhlaidh do Simon, fear a saolaíodh ar an Muirígh i gCorca Dhuibhne sna 1940idí ach a chaith blianta fada ina oifigeach custaim ar an dteorainn ó thuaidh.
Sa Ghaillimh a bhuail Helen leis, áit a bhfuil sé ar a sháimhín só lena chéile, Máire agus a gclann tógtha acu.
Labhair Simon le Helen faoina óige i gCorca Dhuibhne, faoin a bheith ag obair i siopa agus teach lóistín a mhuintire, ag díol ice cream agus ceannaíocha muice agus ag múineadh Gaoluinne do státseirbhísigh.
Pléitear chomh maith a shaol ag taisteal ar fud na tíre ag obair mar fhear chustaim agus an tréimhse lán eachtraí a chaith sé ar an teorainn ag faire lucht smuigleála uibheacha, muc agus íle aimsir na dtrioblóidí.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online new service.
Visit us at www.tuairisc.ie or on social media.
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Tadhg Ó Maoileoin…'Tá na hoisrí ag fáil bháis agus níl aon fhreagra againn go fóill'
2026/07/14
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online new service.
Visit us at www.tuairisc.ie or on social media.
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…le Liadh Ní Riada: ‘Do theipeas i maths san Ardteist agus do chríochnaíos suas mar chomhordaitheoir ar choiste an bhuiséid san Eoraip’
2026/07/08
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ is in Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh i nGaeltacht Mhúscraí atá Helen agus í i mbun comhrá le Liadh Ní Riada, bainisteoir an ionaid.
Chaith Liadh tréimhse ina Feisire Eorpach i bParlaimint na hEorpa ach tá a cúl tugtha aici le saol na polaitíochta anois agus gan aon rún aici seasamh d’oifig phoiblí arís.
Labhair sí le Helen faoina hóige i nGaeltacht Mhúscraí, áit ar fhás sí aníos ina dílleachta tar éis bhás a athar Seán agus í ceithre bliana d’aois agus bás a máthar Ruth agus í deich mbliana d’aois.
I measc na n-ábhar cainte a bhí ag Helen agus Liadh bhí an iarracht a thug Liadh faoi Áras an Uachtaráin in 2018, ar ‘botún’ é dar léi féin, na deacrachtaí a bhíonn ag polaiteoirí ban i saol na polaitíochta agus saol an teaghlaigh a láimhseáil in éindí, agus an lorg a d’fhág a hathair mór le rá ar a saol.
Tá Liadh ar a suaimhneas anois agus í ina bainisteoir ar an Ionad Cultúrtha ina ceantar dúchais. Agus an t-ionad ar sos samhraidh, caithfidh sí a cuid ama lena muintir sa bhaile nó ag snámh san fharraige i gCorca Dhuibhne.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online new service.
Visit us at www.tuairisc.ie or on social media.
‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…le Sorcha Ní Chatháin: ‘Bhíodh náire ar dhaoine labhairt faoi aon rud mar seo, ach tá rudaí athraithe…’
2026/06/30
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ ar Tuairisc Sorcha Ní Chatháin, Príomhoide Bhunscoil an Ghleanna i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh atá i dteannta Helen.
Bhí an scoil i mbéal an phobail mar gheall ar an bhfeachtas a troideadh sa phobal leis an scoil a choimeád oscailte, aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach di agus pátrúnacht mar scoil ilchreidmheach a chur i bhfeidhm i scoil bheag tuaithe.
Thug Helen aghaidh ar Uíbh Ráthach le déanaí chun paiste cainte a dhéanamh le Sorcha agus aithne a chur ar an mbean lasmuigh de dhoirse na scoile.
Labhair siad faoin tógáil a fuair sí óna máthair Maj, arb as an tSualainn di, agus a hathair, an t-iar-Ollamh i Roinn an Bhéaloidis in UCD, Séamus Ó Catháin.
Labhrann siad chomh maith faoin bhfiosracht a thagann agus a imíonn i gcás an pháiste uchtaithe agus faoin mbuaine a bhaineann leis ngrá a thugann a tuismitheoirí di.
Labhrann Sorcha faoin mbród atá uirthi gur éirigh léi buachaill óg álainn, Luke, a thógáil mar mháthair shingil, agus faoin gcinneadh mór a rinne sí bogadh go dtí Uíbh Ráthach chun tús a chur le saol nua, lena fear Ger.
Pléann siad chomh maith an tábhacht a bhaineann le labhairt amach faoinár mothúcháin agus a bheith ábhairín beag ceanndána.
Labhrann Sorcha faoin ualach agus briseadh croí a bhain le bheith ag súil agus an páiste a chailliúint.
‘Tá sé ok a rá nach bhfuil tú ok,’ a deir Sorcha.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.
Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
‘Ba cheart don rialtas cárta na huachtaránachta a imirt ar son Gaeilge’
2026/06/25
In éineacht le Bridget, Maitiú agus Seán Tadhg ar an eagrán deireanach de ‘An Pod Gaeilge’ don séasúr seo, tá an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú. Pléitear tréimhse uachtaránachta sé mhí na hÉireann ar an Aontas Eorpach agus labhraíonn an feisire de chuid Fhianna Fáil linn faoi shaol an pholaiteora san AE.
Pléitear, i measc go leor eile, caidreamh mhuintir na hÉireann leis an AE, fás na heite fíordheise agus stádas na Gaeilge san Eoraip. Tá Maitiú linn ó chomhdháil cearta teanga i mBéal Feirste agus scéal nuachta te bruite aige faoi chúrsaí teanga ó thuaidh.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hAingeal Ó Buachalla: ‘Ní féidir linn ligean orainn go bhfuil saoirse againn nuair nach bhfuil saoirse ag an tír go léir’
2026/06/24
Ar eagrán na seachtaine seo de Phaiste Cainte le Helen Ní Shé san ardchathair atá Helen chun comhrá a dhéanamh le hAingeal Ó Buachalla, Gael agus poblachtánach ó thuaisceart chathair Chorcaí, mar a raibh siopa grósaera ag a muintir.
Tháinig Aingeal Ní Cháinte go dtí an nGráig i gCorca Dhuibhne i ndeireadh na ndaichidí agus í ina cailín óg agus bhí sí faoi dhraíocht ag an ndúthaigh as san amach.
Bhí rian láidir an phoblachtánachais sa teaghlach agus mharaigh fórsaí na Breataine beirt uncailí dá cuid i gCorcaigh i Nollaig na bliana 1920.
D'fhág san a rian uirthi agus ar an gcóras oideachais a roghnaigh a muintir di ina dhiaidh sin.
Tá sí aon bhliain déag is ceithre fichid anois agus í ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath, aar a gcaith sí a bhformhór a saoil lena fear céile, Breandán Ó Buachalla, scoláire, Beannacht Dé leis.
Is mó rud á phléigh Aingeal agus Helen ach a mbuaileadar le chéile le déanaí, ó hóige i gCorcaigh go dtí Corca Dhuibhne, gluaiseacht na naíonraí agus an feachtas le Scoil Dhún Chaoin a choimeád oscailte.
Ach más san ardchathair di le fada, deir Aingeal gurb í cathair Chorcaí an chathair is breátha in Éirinn.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.
Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Na leabhair Ghaeilge ar cheart iad a phacáil do na laethanta saoire...
2026/06/18
Cé na leabhair Ghaeilge ar cheart iad phacáil do na laethanta saoire? An feiliúnach an lón léitheoireachta an leabhar taistil agus tú féin ar saoire? Agus an é an Kindle leigheas an scéil don léitheoir amplach is é ag pacáil a mhála?
Tá Máire Ní Neachtain agus Eoin P Ó Murchú in éineacht le Bridget agus Maitiú san eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ chun plé a dhéanamh ar a rogha leabhar don samhradh.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Maidhc Sé: ‘ ̌Deirtear gur fearr an troid ná an t-uaigneas ach déarfainn níl aon mhaitheas a bheith ag troid an t-am ar fad freisin’
2026/06/16
Ar an Dromaid i ndeisceart Chiarraí atá Helen d’eagrán na seachtaine seo agus í ag labhairt leis an bhfeirmeoir Maidhc Sé agus cur síos á dhéanamh aige ar na hathruithe atá tagtha ar an saol óna óige agus an taitneamh a bhaineann sé as fáilte a chur roimh dhaoine óga le riachtanais speisialta chuig an bhfeirm.
Baitsiléir a mhaireann ina aonar é an feirmeoir Maidhc Sé ach a bhfuil gach iarracht á dhéanamh aige a bheith i gcomhluadar.
I measc na rudaí a bhíonn sé sáite ann, tá an scéim ‘Feirmeoireacht Shóisialta Chiarraí’, faoina gcuireann Maidhc fáilte roimh dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu chun píosa oibre a dhéanamh leis ar an bhfeirm. Deir Maidhc gurb é an cinneadh is fearr a rinne sé riamh dul leis an scéim agus go mbaineann sé féin an oiread pléisiúir as an gcomhluadar is a bhaineann na leaideanna a thagann chuige.
Labhraíonn Maidhc chomh maith faoin athrú atá tagtha ar an saol ó bhí sé féin ina leaid óg agus na cuimhní atá aige ar theacht na haibhléise. Is cuimhin leis, mar shampla, aintín agus uncail leis nach raibh toradh chluiche ceannais na hÉireann 1968 acu go dtí an Mháirt tar éis chluiche ceannais an Domhnaigh. Anois, is féidir an scéal is déanaí ó chluiche Phiarsaigh na Dromad a fháil i lár an aifrinn, ar sé.
Insíonn sé do Helen freisin conas go bhfuil bladhmghunna ó eitleán Naitsíoch sa teach aige.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.
Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Podcast reviews
Read AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal podcast reviews
Podcast sponsorship advertising
Start advertising on AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal relevant audience podcasts
You may also like to advertise on these Podcasts

4.682521300
The Daily Beast Podcast
The Daily Beast, Joanna Coles

4.721121501
Everyone's Business (But Mine) with Kara Berry
Kara Berry

4.8104502000
Steve Deace Show
Blaze Podcast Network

4.922971182
Dropping Bombs
Brad Lea: CEO, Entrepreneur, and Host of The Bottom Line

4.92002931
The Wright Report
Bryan Dean Wright

4.746791058
Tom Bilyeu's Impact Theory
Impact Theory

4.8259091496
Relatable with Allie Beth Stuckey
Blaze Podcast Network

4.8167522000
The GaryVee Audio Experience
Gary Vaynerchuk

4.930941700
Arseblog Arsecast, The Arsenal Podcast
arseblog.com

4.672722000
Timcast News
Timcast Media