1872970894
Raidió Rí-Rá

Advertise on podcast: Raidió Rí-Rá

Categories
This podcast has
60 episodes
Explicit
No
Date created
2026/01/29
Latest episode
2026/10/15
Average duration
20 min.
Release period
3 days

Description

Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá ina dtugaimid léirmheas ar albaim, scannáin, leabhair agus a thuilleadh ná é atá go mór i mbéal an phobail Ghaeilge. Faigh cupán tae nó gloine fíona, lig do scíth agus roinn do thuairimí linn faoin ábhar atá idir láimhe. Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira

Podcast episodes

Check latest episodes from Raidió Rí-Rá podcast


Pygmalion as Gaeilge
2026/10/15
Tá an comhlacht drámaíochta Aisling Ghéar tar éis leagan Gaeilge don dráma iomráiteach Pgymalion a chruthú agus iad ag dul ar an mbóthar leis timpeall na tíre an tseachtain seo chugainn. Labhair Aisling le scríbhneoir an dráma, Nuala Ní Néil, ar eagrán na seachtaine seo.
Coinne Chultúir le hAisling Moran
2026/09/29
Tháinig Aisling Moran isteach go dtí an stúideó le labhairt faoin albam nua a bheidh á eisiúnt aici ar an 3ú Deireadh Fómhair sa Fumbally i mBaile Átha Cliath.   Is féidir ticéid a fháil ar leathanach Instagram Aisling @ceol_aisling   Éist le Raidió Rí-Rá ar an aip, ar DAB agus ar líne ag www.rrr.ie
Tar linn go hAirneán!
2026/09/25
Bhí gig Airneán ar siúl againn aréir in Small Changes in Ínse Chór le Aisling Moran, And he, the fool & Rónán Ó Snodaigh. Seo chugaibh blaiseadh de!   Beidh an chéad oíche Airneán eile ar siúl i mí Dheireadh Fómhair i mBóthar na gCloch mar chuid d'Fhéile Splanc. Coimeád súil ar Eventbrite & Instagram RRR
Loch nEathach le Cassie Ní Chatháin
2026/09/23
Tá an loch is mó in Éirinn, Loch nEathach, á phlúchadh ag algaí gormghlasa. Tubaiste thimpeallachta é, an loch a bhfuil na mílte ag brath air ag fáil bháis os comhair ár gcuid súl.   Bígí páirteach san fheachtas @saveloughneagh    Agóid ar siúl lasmuigh de Chnoc an Anfa ar an 26 Meán Fómhair
Comhdháil na Luathbhlianta le Gaeloideachas
2026/09/23
Tá Gaeloideachas ag eagrú Comhdháil na Luathbhlianta a mbeidh ar siúl ar 17 Deireadh Fómhair in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne, Baile Átha Luain. 'Ag fí na teanga' an téama atá ar an gcomhdháil agus labhair Nuala Ní Chonláin agus Katie Ní Riain faoi le hAisling ar eagrán an lae inniu.
Conas aire a thabhairt do na hormóin & don gcorp le linn an gheimhridh le Nell Ní Chíobháin
2026/09/22
Labhair Aisling le Nell Ní Chíobháin ó @anam_nutrition maidir leis an leigheas atá ar fáil sa bhia, conas gur féidir linn oibriú lenár hormóin agus conas an córas imdhíonach a neartú le linn an gheimhridh. Is féidir gach eolas faoi sheirbhísí Nell a fháil ar Instagram ag @anam_nutrition nó trí ríomhphost a sheoladh chuici ag [email protected].
Dublin By Dusk
2026/09/21
Tá scéim nua seolta ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, an Roinn Chultúir agus Fáilte Ireland darb ainm Dublin By Dusk agus mar chuid den scéim beidh imeachtaí ar siúl agus roinnt áiteanna ag fanacht oscailte níos déanaí mar a bhíonn siad oscailte de ghnáth an Déardaoin deireanach de ghach mí. Ar Choinne Chultúir na seachtaine seo chun é sin a phlé tá Caoimhe Seoige ó Fháilte Ireland.
Macklemore agus Ed Sheeran - Cad é an scéal?
2026/09/18
San eagrán Coinne Chultúir seo, labhraíonn Jade agus Aisling faoi chuile rud a thit amach idir Macklemore agus Ed Sheeran.   Má tá tuairim agat féin ar mhaith leat a roinnt, roinn linn é ar Instagram @raidiorira   Is féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B nó ar an aip
Lón Machnaimh: Kabin Crew & An Post
2026/09/18
Labhair Aisling le baill an Kabin Crew, Aaron & Liadh Crew faoin dtogra nua atá ar bun acu leis An Post darb ainm Ag Baint Feabhais Amach.
Coinne Chultúir: Saoirse agus Spraoi le Evanne Kilgallon
2026/09/15
Labhraíonn an t-aisteoir Evanne Kilgallon faoin dráma nua Saoirse atá á léiriú ag Dublin Fringe Festival, faoina cleachtas ealaíne, agus faoin tábhacht a bhaineann le spraoi sa lá atá inniu ann.
Lón Machnaimh: Irish for Parents
2026/09/11
Labhair Aisling le Clodagh Ní Mhuirí ó Ghaeloideachas maidir leis an mol nua atá seolta acu darb ainm 'Irish for Parents', a thacóidh le tuismitheoirí atá ag iarraidh cabhrú lena bpáistí agus iad ag foghlaim na Gaeilge nó le tuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáistí a thógaint trí Ghaeilge.    https://irishforparents.ie/
Lón Machnaimh: Ceathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath
2026/09/09
Labhair Aisling le Maitiú Ó Casaide atá ceaptha ag Conradh na Gaeilge mar stiúrthóir ar Cheathrú Ghaeilge Bhaile Átha Cliath.   Is féidir teagmháil le Maitiú ag [email protected].
Electric Picnic 2026 - Siúl Siar
2026/09/07
Agus seachtain caite théis na féíle, tar ar Choinne Chultúir le Jade ⁊ Emma le léirmheas a fháil ar Electric Picnic 2026. Idir buachphointí, íosphointí ⁊ mianta na bliana seo chugainn- tá neart le plé againn san eagrán seo!   Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B nó ar an aip- am ar bith, áit ar bith.
Lón Machnaimh le Laoighseach Ní Choistealbha
2026/09/07
Ar eagrán an lae inniu labhair Aisling leis an bhfile, scríbheneoir agus an scoláire Laoighseach Ní Choistealbha. Tá eagrán filíochta Laoighseach 'Mainistir na Feola' ainmnithe do ghradam Uí Shúilleabháin Oireachtas na Samhna 2026, an t-aon bhean agus an t-aon file ar an ngearrliosta. Seo an dara cnuasach uaithi agus bhíomar chomh sástá a bheith in ann an gradam agus a saothar trí chéile a phlé léi ar Lón Machnaimh.
An mbeidh an Ghaeilge ag na Oscars arís?
2026/09/07
Ar eagrán na seachtaine seo labhair Aisling le Damian McCann, stiúrathóir agus comhscríbhneoir an scannáin Aontas atá roghnaithe ag IFTA le hionadaíocht a dhéanamh ar Eireann ag na hOscars.   Is féidir féachaint ar Aontas saor in aisce ar sheinnteoir TG4.

Podcast reviews

Read Raidió Rí-Rá podcast reviews


0 out of 5
0 reviews

Podcast sponsorship advertising

Start advertising on Raidió Rí-Rá relevant audience podcasts


What do you want to promote?

You may also like to advertise on these Podcasts