1725346522
Scrathóg

Advertise on podcast: Scrathóg

This podcast has
49 episodes
Language
English
Date created
2024/01/11
Latest episode
2026/02/05
Average duration
47 min.
Release period
11 days

Description

Podchraoladh de chuid Raidió na Life é 'Scrathóg' atá dírithe ar Pheil Mheiriceánach agus an NFL. Bí linn i gcomhair plé ar mhórimeachtaí na seachtaine chomh maith le scagadh ar na cluichí réitigh, rás don MVP agus tuilleadh. Le fáil ar 106.4FM gach Déardaoin ag 2 i.n. agus i ngach áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí.

Unlock Scrathóg podcast Email contact info,
Listeners & Audience details

Email contact information

Direct podcast contact details

Listeners

Audience numbers & engagement insights

Audience details

Podcast Insights

Podcast episodes

Check latest episodes from Scrathóg podcast


Scrathóg S3E16 - Superbowl LX
2026/02/05
Tá sean aithne ag na Seattle Seahawks agus na New England Patriots ar a chéile sa Superbowl, agus tabhairfear aghaidh ar a chéile arís i mbliana. Plé againn an tseachtain seo ar an gcluiche míchlúiteach sin a tharla 11 bliain ó shin, agus ar an gcluiche atá le teacht Domhnach beag seo!
Scrathóg S3E15 - Babhta Conference agus Cóitseálaithe Nua
2026/01/23
Neart ag tarlú i saol an NFL agus an-chuid cóitseálaithe imithe agus ag teacht i dtír ar foirne éagsúla. Agus, ar ndóigh, tá dhá cluiche le imirt sna cluichí cheannais san AFC agus san NFC, le na Denver Broncos ag tabhairt aghaidh ar na New England Patriots, agus na Seattle Seahawks ag tabhairt aghaidh ar an Los Angeles Rams.
Scrathóg S3E14 - Babhta Divisional
2026/01/15
Tar éis deireadh seachtain spleodrach sa bhabhta Wildcard, tabharfaimid aghaidh an tseachtain seo ar an mBabhta Divisonal. Beidh na Broncos agus na Seahawks linn an tseachtain seo tar éis dóibh sos a fháil mar an #1 seed. Playoffs agus scéalta eile uaidh athruithe cóitseáileaithe san eagrán seo.
Scrathóg S3E13 - Babhta Wildcard
2026/01/06
Táimid druidte anois ag na playoffs! 6 cluichí ollmhóra ós ár gcomhair, agus tá na leaids chun plé a dhéanamh ar gach ceann dóibh, agus a rogha do na buaiteoirí a roinnt linn comh maith.
Scrathóg S3E12 - Gortaithe go Dona
2025/12/18
Patrick Mahomes agus Micah Parsons críochnaithe don séasúr tar éis péire gortú. Cén tionchar a bheidh aige ar an dá fhoireann? An iad na Broncos an foireann is fearr san AFC? Agus an é Charlie Smyth an ciceálaí is fearr san NFL (is é, ar ndóigh)? Sin agus tuilleadh an tseachtain seo.
Scrathóg S3E11 - Cluichí Móra na Roinne
2025/12/03
Tá neart cluichí móra san AFC North, san NFC North agus san AFC South an deireadh seachtain seo agus muid ag teannadh le na playoffs. An mbeidh na Bears in ann fanacht ar bharr an NFC? An bhfuil na Colts i lár cliseadh iomlán? Agus an gcaillfidh na Chiefs amach ar na playoffs? Sin agus tuilleadh an tseachtain seo.
Scrathoóg S3E10 - Bhfuil Oiread is Foireann Amháin Maith Ann..?
2025/11/19
...Tá! Ach beidh ort tiúnáil isteach an tseachtain seo le fáil amach cé hiad. Plé faoi an mbeidh na Chiefs in ann na playoffs a bhaint amach, bhfuil na Broncos comh maith leis an gcéad áit san AFC, agus cé a bheidh ar bharr an NFC North faoi dheireadh na bliana san eagrán seo.
Scrathoóg S3E09 - Spriocdháta na Trádála
2025/11/06
Tá spriocdháta na trádala don NFL druidte linn agus cúpla ainmneacha móra ag athrú foirne go tobann! Beidh Sauce Gardener ag dul ó na Jets go na Colts, agus fear eile ón bhfoireann chosanta na Jets, Quinnen Williams, imithe go na Cowboys. Labhróimid futhu siúd, Eagles @ Packers agus Rams @ 49ers comh maith.
Scrathoóg S3E08
2025/10/29
Tá na Colts FÓS ar bharr an AFC théis bua eile dóibh. Bhfuil Jonathan Taylor anois sa chomhrá faoi MVP? Fear eile atá sa comhrá sin ná Jordan Love, théis bua mór aige agus na Packers thar sean-QB s'acu, Aaron Rodgers. Tá na Bills ag tabhairt aghaidh ar na Chiefs an tseachtain seo, agus an dá cosaint is fearr san NFL, na Texans agus na Broncos.
Scrathoóg S3E07 - Bye Week d'Fhoireann Scrathóg!
2025/10/23
'Bíonn bye week ag foireann Scrathóg?' a deir tú. 'Ar ndóigh!', a deirfimid. Bhuel, táimid ar ais ón mbriseadh beag le gortú amháin le tuairisciú, agus an t-Uasal Ó Flatharta amach ar feadh seachtain amháin ar a laghad. An mbeidh Conchúr agus Naoise in ann podchraoladh iomlán a chur le chéile le James in easnamh? Nó an dtitfidh an podchraoladh as a chéile? Tabharaigí bhur mbreithiúnas féin! Bucs-Lions, Giants-Broncos, Packers-Steelers agus Chiefs-Commanders go léir san eagrán seo.
Scrathóg S3E06 - Colts ar bharr an AFC
2025/10/09
Bhí an chéad sos ag roinnt foirne an tseachtain seo. In ainneon sin, bhí an-chuid torthaí móra ón deireadh seachtain, ach cén ceann a chur an méid is mó ionadh ar na leaids?
Scrathóg S3E05 - An Bhfuil tú Dáríre?
2025/10/02
Plé ag na leaids an tseachtain seo ar cluiche mór i bPáirc an Chrócaigh, an chéad comhscór san NFL feadh beagnach trí bliain, agus cé hiad na foirne atá *dáríre* in ann na playoffs a bhaint amach agus muid ag teannadh le Seachtain a Cúig.
Scrathóg S3E04 - NFL in Éirinn
2025/09/24
Seachtain speisialta don NFL agus é in Éirinn don chéad uair ariamh, áit a dtabharfaidh na Pittsburgh Steelers aghaidh ar na Minnesota Vikings i bPáirc an Chrócaigh. Cé acu a bheidh an t-ádh leo? Cé acu is mó atá bua ag teastáil uathu idir na Ravens agus na Chiefs? Agus an bhfuil na Cowboys in ann díoltas a fháil ar na Packers?
Scrathóg S3E03 - An bhfuil na Chiefs i dtrioblóid?
2025/09/18
Pléann James agus Naoise na scéalta is mó ón NFL i seachtain a dó. An bhfuil na Chiefs i dtrioblóid?
Scrathóg S3E02 - Eagles agus na Chiefs
2025/09/11
Déanann Naoise agus James plé a na torthaí ó seachtain a 1 chomh maith le súil a chaitheamh ar rematch don Super Bowl a bhfuil ar bun I seachtain 2 idir na Kansas City Chiefs agus na Philadelphia Eagles.

Podcast reviews

Read Scrathóg podcast reviews


0 out of 5
0 reviews

Podcast sponsorship advertising

Start advertising on Scrathóg relevant audience podcasts


What do you want to promote?